Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:7-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus ní raíbh, sliochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon.

8. Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Dé ann a sheal féin,

9. Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.

10. Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise.

11. Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise.

12. Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.

13. Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.

14. Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1