69. Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin;
70. Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin:
71. Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;
72. Go ndéanadh sé trócaire air ar naithreachuibh, agus go gcuimhnéochadh sé a thiomna náomhtha féin;
73. Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne, go dtiubhradh sé dhúinn,
74. Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin,
75. A náomhthachd agus a bhfíréantachd na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile.
76. Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh;
77. Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh,
78. Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón ionad árd,
79. Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
80. Agus do fhás an leanabh, agus do neartuigheadh é a spíoruid, agus do bhí sé ar na fásuighibh go soithe an lá an ar fhoillsigh sé é féin Dísraél.