Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:63-71 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

63. Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile.

64. Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladh Dé.

65. Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile.

66. Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.

67. Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,

68. Go madh beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail sé a phobal féin,

69. Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin;

70. Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin:

71. Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1