Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:48-67 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe f éin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom.

49. Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.

50. Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.

51. Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.

52. Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla.

53. Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.

54. Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire;

55. (Mar do labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.)

56. Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin.

57. Agus táinic ionbhuidh Elísabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug sí mac.

58. Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tighearna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria.

59. Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma a athair.

60. Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh bhías; achd Eóin goirfidhear dhe.

61. Agus a dubhradar ría, Ní bhfuil éannduine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi.

62. Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air.

63. Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile.

64. Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladh Dé.

65. Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile.

66. Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.

67. Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1