Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:47-60 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

47. Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.

48. Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe f éin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom.

49. Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.

50. Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.

51. Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.

52. Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla.

53. Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.

54. Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire;

55. (Mar do labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.)

56. Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin.

57. Agus táinic ionbhuidh Elísabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug sí mac.

58. Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tighearna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria.

59. Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma a athair.

60. Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh bhías; achd Eóin goirfidhear dhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1