Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:41-51 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don Spiorad Naomh.

42. Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,

43. Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam?

44. Oir, féuch, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn.

45. Agus is beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.

46. Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna,

47. Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.

48. Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe f éin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom.

49. Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.

50. Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.

51. Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1