Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:37-45 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

37. Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.

38. Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi. Agus do imthigh an taingeal úaithe.

39. Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;

40. Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet.

41. Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don Spiorad Naomh.

42. Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,

43. Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam?

44. Oir, féuch, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn.

45. Agus is beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1