Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:34-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa?

35. Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.

36. Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid.

37. Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.

38. Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi. Agus do imthigh an taingeal úaithe.

39. Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;

40. Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1