29. Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.
30. Agus a dubhairt an taineal ría, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía.
31. Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air.
32. Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.
33. Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd.
34. Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa?
35. Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.
36. Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid.
37. Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.