Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:17-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasumhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.

18. Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi.

19. Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

20. Agus, féuch, bíaidh tú gan úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche, do bhrígh nár chréid tu dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin.

21. Agus do bhí an pobal ag fuireach ré Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll.

22. Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh.

23. Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.

24. Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh Elísabet a bheansan, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1