Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 1:1-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne,

2. Do réir mar thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad;

3. Do chonncas damhsa mar an gcéudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh,

4. Do chum go mbía deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad.

5. Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi.

6. Agus do bhádar a ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.

7. Agus ní raíbh, sliochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon.

8. Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Dé ann a sheal féin,

9. Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.

10. Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise.

11. Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise.

12. Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.

13. Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.

14. Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith.

15. Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar.

16. Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndía féin.

17. Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasumhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.

18. Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi.

19. Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 1