Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 6:3-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.

4. Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.

5. A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd;

6. Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;

7. Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh:

8. Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.

9. Agus, a mhaighisdri, déunuidhse na neither céudna dhóibhsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuil bhur Maighisdir féin air neamh mar an gcéudna; agus nach bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile aige.

10. Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion.

11. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.

12. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 6