9. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;
10. Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna.
11. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
12. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal.
13. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe.
14. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit.
15. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe,
16. Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.
17. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna.
18. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;
19. Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.
20. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;
21. Ag déunamh úmlachda dhá chéile a neagla Dé.
22. A mhná, bíghidh úmhal dá bhur bhfearuibh féin, amhuil do bhíadh sibh don Tíghearna.
23. Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mná, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaightheóir na cuirpé.
24. Uime sin amhuil atá a neagluis úmhal do Chríosd, go madh hamhluidh sin bhías na mná dá bhfearuibh féin a ngach éinní.
25. A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;
26. Ionnus go ndéanadh náomtha í ar na glanadh dhó a nighe uisge trés an mbréithir,
27. Chum a déunta dhó féin na heagluis ghlórmhuir, gan cháidhe, gan chasadh, ná ní as cosmhuil ríu sin; achd ionnus go mbíadh sí náomhtha neimhchionntach.
28. As amhluidh sin as coir do na fearuibh a mná do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean a sé féin ghrádhuigheas sé.