4. Ná gáirrseamhlachd, ná comhrádh báoth, ná cnáid chainte, noch is neithe neamhchubhaidh: achd go madh fear libh breith bhuidheachais.
5. Oír atá a fhios so aguibh, nach bhfuil oighreachd a ríoghachd Chriosd agus Dé, ag sdríopuidh ar bith, aig neach neamhghlan, ná ag duine sanntach, noch as íodhaladhruigh,
6. Ná mealladh éainneach sibh ré bríathruibh diomháoineacha: óir tug fearg Dé ar son na neitheannsa ar chloinn na heasúmhlachda.
7. Uime sin ná bíghídh na gcumann.
8. Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais.
9. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;
10. Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna.