Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 5:15-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe,

16. Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.

17. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna.

18. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;

19. Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.

20. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;

21. Ag déunamh úmlachda dhá chéile a neagla Dé.

22. A mhná, bíghidh úmhal dá bhur bhfearuibh féin, amhuil do bhíadh sibh don Tíghearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 5