Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 5:1-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh;

2. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.

3. Gidheadh sdrióbachas, nó neamhghloine ar bith, nó saint, ná hainmnighthear amháin bhar measg íad, mar as iomchubhaidh do náomhuinbh;

4. Ná gáirrseamhlachd, ná comhrádh báoth, ná cnáid chainte, noch is neithe neamhchubhaidh: achd go madh fear libh breith bhuidheachais.

5. Oír atá a fhios so aguibh, nach bhfuil oighreachd a ríoghachd Chriosd agus Dé, ag sdríopuidh ar bith, aig neach neamhghlan, ná ag duine sanntach, noch as íodhaladhruigh,

6. Ná mealladh éainneach sibh ré bríathruibh diomháoineacha: óir tug fearg Dé ar son na neitheannsa ar chloinn na heasúmhlachda.

7. Uime sin ná bíghídh na gcumann.

8. Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais.

9. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;

10. Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna.

11. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.

12. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal.

13. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe.

14. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit.

15. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe,

16. Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.

17. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna.

18. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;

19. Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.

20. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 5