21. Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)
22. Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;
23. Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne;
24. Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
25. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn.
26. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: