Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 4:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd:

14. Ionnus nach beimís ó so amach ar leanbuibh, dár mbogadh agus dár nglúasachd, fa gcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguísg, ré cleasradh dáoineadh, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luigheachan chum mealltóireachd;

15. Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:

16. O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh.

17. Uime sin a deirim so, agus tógbhuim an Tíghearna dfíadhnuise air, gan sibhse do shiúbhal feasda, mar shiúbhluid na Cineadhachda eíle, a ndiomháoineas a ninntinne,

18. Agá bhfuil a dtuigse ar na dalladh, ar mbeith dhóibh na gcoimhightheachuibh do bheatha Dé do bhrígh a nainbhfis atá ionnta, tré chrúas a gcroidhe:

19. Noch ar mbeith dhóibh gan móthughadh ionnta tug iad féin do mhíonáire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré saint.

20. Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd;

21. Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)

22. Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 4