Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 2:7-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.

8. Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:

9. Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.

10. Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.

11. Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;

12. Go rabhabhair sa naimsirsin a néughmhais Chríosd, ar mbeith dháoibh gan buáin aguibh ré maitheas puiblidhe Israél, agus bhur gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith díbh gan muinighin, agus gan Día ar bith aguibh san tsáoghal:

13. Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd.

14. Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;

15. Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána;

16. Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:

17. Agus ar dteachd djó do shoisgéil sé siothcháin dibhse nách raibh na chomhgar, agus don druing do bhí na chomhgar.

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 2