3. Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.
4. Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,
5. Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
6. Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd:
7. Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.