Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 2:11-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;

12. Go rabhabhair sa naimsirsin a néughmhais Chríosd, ar mbeith dháoibh gan buáin aguibh ré maitheas puiblidhe Israél, agus bhur gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith díbh gan muinighin, agus gan Día ar bith aguibh san tsáoghal:

13. Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd.

14. Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;

15. Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána;

16. Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:

17. Agus ar dteachd djó do shoisgéil sé siothcháin dibhse nách raibh na chomhgar, agus don druing do bhí na chomhgar.

18. Oír is trídsion atá ar slighe ar áon ré dul steach chum a Nathar a náoin Spioruid.

19. Uime sin ní bhfuiltí ní sa mhó bhur gcoimhightheachuibh ná bhur gcoigcríochuibh, achd bhur luchd áonchaithreach do na náomhuibh, agus bhur luch tighe Dé;

20. Ar mbeith díbh áitighthe ar fhonndameint na nabsdal agus na bhfáigheadh, ar mbeith Díosa Críosd féin na chloich chinn ag an ccuáinne;

21. As a bhfásann an teaguis uile súas ar mbeith dhó go ceart ceanguilte dha chéile annsan chum bheith na theampoll náomhtha sá Dtighearna:

22. Ann a bhfuil sibhse mar an gcéudna ar bhur gcomthógbháil súas ionnus go mbíadh sibh bhur dteaghuís chomhnuidhe ag Día trés an Spioruid.

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 2