1. Agus dó bheódhuigh sé sibhse, ar mbeith díbh marbh a gcionntuibh agus a bpeacuighibh;
2. Ann a rabhabhair a nallód ag siubhal do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cúmhachda a naiéir, agus na sbiorúide óibrigheas a nois a gcloinn na heasúmhlachda:
3. Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.
4. Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,
5. Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
6. Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd: