Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 2:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus dó bheódhuigh sé sibhse, ar mbeith díbh marbh a gcionntuibh agus a bpeacuighibh;

2. Ann a rabhabhair a nallód ag siubhal do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cúmhachda a naiéir, agus na sbiorúide óibrigheas a nois a gcloinn na heasúmhlachda:

3. Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.

4. Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,

5. Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;

6. Agus do chomthóg sé súas, agus do chomshuighidh sé sinn air neamh a Niósa Críosd:

7. Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidhbhreas rolíonmhar a bhrás tré mhaitheas dhár dtáobhne a Níosa Críosd.

8. Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:

9. Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.

10. Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.

11. Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 2