Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hephesiánach 1:5-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,

6. Chum molta glóire a ghrás, tré a ndéarna sé sinne grásamhuil an a Mhac ghrádhach.

7. Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:

8. Tré ar lion sé chuguinne a nuile eagna agus thuisge;

9. Ag foillsiughadh dhúinne ruindíamhair a thola, do réir dhéaghfhuinn féin noch do chuir sé roimhe ris féín:

10. A miniosdralachd choimhlíonta na haimsire na huile neithe a Ccríosd, noch atá ar neamh, agus ar talamh, do chruiniughadh a gceann a chéile; annsan:

11. Ann a bhfuilmidne toghtha, air ar réimhchinneadh réir órduighthe an tí oibrigheas na huile neither réir chomhairle a thola féin, noch ann ata fós oirigheachd aguin:

12. Ionnas go mbemísne lér tosuigheadh dóigh do bheith aguinn a Gcríosd, chum molta a ghlóiresion.

13. Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna.

14. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.

15. Uíme sin, ar gclos dámhsa mar an gcéudna an chréidimh atá aguibhse sa Dtíghearna Iósa, agus an ghrádh do na huile náomhuibh,

16. Ní sguirim dá bheith ag breith bhuígheachais ar bhur son, ag coimhniughadh oruibh um urnuighibh;

Léigh chaibidil críochnaithe Hephesiánach 1