Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 9:28-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus do bhí sé na gcaidreadh súd ag teachd a steach agus ag dul amach a Niarusalém.

29. Agus do labhair sé go dána a nainm an Tighearna Iósa, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd a naghiadh na Ngréugach: agus do ghabhadarsan do láimh eision do mharbhadh.

30. Achd ar bhfagháil fheasa do ná dearbhraithreachaibh, do thréoraigheadar é go Seasaréa, agus do chuireadar as sin go Tarsus é.

31. Uime sin fúair an eagluis ar feadh thire Iúdaighe agus na Galilé agus na Samária síothchain; ar mbeith dhóibh ar na dtogbháil súas sa gcreideamh: agus ag siúbhal a neaglá Dé, agus do bhádar ar na líonadh do chomhfhurtachd an Spiorad Náoimh.

32. Agus tárla, ag gabháil dp Pheadar tríothadh uile, go dtáinic sé chum na náomh do áitrigh a Liddá.

33. Agus fuáir sé ann sin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpairilis, agus nar éirigh as a leabaidh feadh ochd mblíadhan.

34. Agus a dubhairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán thú: eirigh, agus tóg do leabaidh. Agus ris sin féin déirigh seision.

35. Agus do chunncadar an mhéid do áitrigh a Liddá agus a Sáron é, noch do fhill chum an Tighearna.

36. Agus do bhí baindeisciobal áirighe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirmhíniughadh Dorcás:) do bhí an bheansa lán do dheaghoibribh agus do dheirce do níodh si.

37. Agus a tárla an sna láethibh sin, go raibh sí tinn, agus go bhfúair sí bás: agus ar na hionnladh dhóibh, do chuireadar a séomra úachdarach í.

38. Agus ar mbeith do Liddá a bhfogus do Ioppa, ar bhfagháil sgéul do na deisciobluibh go raibh Peadar ann sin, do chuireadar dís fear chuige, dá íarraidh air, gan muill do dhéanamh ré teachd chuca.

39. Ann sin ar néirghe do Pheadar tháinic sé ríu. Agus ar dteachd dhó, rugadar súas don tséomra úachdarach é: agus do sheasadar na baintreabhach uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanadh na gcótadh agus na gcúlaidheach do rinne Dorcás, an feadh do bhí sí na bhfochair.

40. Agus ar gcur amach gach a ráibh a sdigh, ar na ligean féin ar a ghlúinibh do Pheadar, do rinne sé urnaighe; agus ar bhfilleadh chum an chuirp a dubhairt sé, Eírigh, a Thabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar bhfaicsin Pheadair dhi, déirigh sí na suídhe.

41. Tug se a lámh dhí an tan sin, agus do thóg sé na seasamh í, agus ar ngairm na náomh agus na mbaintreabhach dhó, daisigh sé ise béo.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 9