Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 9:23-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus ar ndul moráin do láethibh thárrsa, do rinneadar na Iúdaighe do chomhairle a bhfochair a chéile eision do mharbhadh:

24. Achd do aithin Saul a ccealg. Gidheadh do bhí coimhéud acasab ar ba geataidhibh do ló agus doidhche, chum eision do mharbhadh.

25. Uime sin ar na ghabháil chuca do na deisciobluibh sa noidhche, do chuireadar amach tré san mballa é dá léigean síos a gclíabh.

26. Agus ar dteachd do Shául go Hiarusalém, do chuir sé roimhe ceangal ris na deisciobluibh: achd do bhí faitcheas ortha uile roimhe, agus níor chreideadar dhó gur dheisciobal é.

27. Achd ar na ghabháil chuige do Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh é, agus dfoillsigh sé dhóibh cionnus do chonnairc sé an Tighearna sa tslighe, agus gur labhaír sé ris, agus cionnas do labhair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.

28. Agus do bhí sé na gcaidreadh súd ag teachd a steach agus ag dul amach a Niarusalém.

29. Agus do labhair sé go dána a nainm an Tighearna Iósa, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd a naghiadh na Ngréugach: agus do ghabhadarsan do láimh eision do mharbhadh.

30. Achd ar bhfagháil fheasa do ná dearbhraithreachaibh, do thréoraigheadar é go Seasaréa, agus do chuireadar as sin go Tarsus é.

31. Uime sin fúair an eagluis ar feadh thire Iúdaighe agus na Galilé agus na Samária síothchain; ar mbeith dhóibh ar na dtogbháil súas sa gcreideamh: agus ag siúbhal a neaglá Dé, agus do bhádar ar na líonadh do chomhfhurtachd an Spiorad Náoimh.

32. Agus tárla, ag gabháil dp Pheadar tríothadh uile, go dtáinic sé chum na náomh do áitrigh a Liddá.

33. Agus fuáir sé ann sin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpairilis, agus nar éirigh as a leabaidh feadh ochd mblíadhan.

34. Agus a dubhairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán thú: eirigh, agus tóg do leabaidh. Agus ris sin féin déirigh seision.

35. Agus do chunncadar an mhéid do áitrigh a Liddá agus a Sáron é, noch do fhill chum an Tighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 9