Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 8:5-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar dteachd do Philib go cathair na Samária, do sheanmóir sé Críosd dhóibh.

6. Agus tugadar an póbal déantoil aire do na neithibh do labhair Philib, ag éisdeachd agus ag féuchain na gcómharthadh do rinne sé.

7. Oír do chúadar spíorada neamhghlana, amach as mórán ann a rabhadar, ag éimhghe do ghúth mhór: agus do slánughadh mórán do luchd paireilíse, agus do bhacachaibh.

8. Agus do bhi gáirdeachus mór sa gcathraighsin.

9. Agus do bhi roimhe sin sa gcathraigh, duinne áirighe dar bhainm Síomon, do bhí na dhraói, agus do mheall sé pobal na Samária, ag rádh, Gur dhuine mór éigin é féin:

10. Tugadar uile aire dhó, ón mbeag gus an mór, ag rádh, A sé so mórchumhachda Dé.

11. Agus tugadar a naire dhó, do bhrígh gur mheall sé íad aimsir fháda lé na dhraóidheachd.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 8