Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 8:34-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. Agus ag freagra air Philib, a dubhairt an cailltéanach, Iarruim dathchuinge ort, Cía ré a nabair an fáidh so? an leis féin, nó lé neach eigin eile?

35. Ann sin ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ag tosúghadh ón sgriobtúrsa, do sheanmóir se Iósa dhó.

36. Agus ar mbeith dhóibh ag imtheachd sa tslighe, tangadar chum uisge áirighe: agus a dubhairt an cailltéanach, Féuch, an tuisge; créud thoirmisgeas mise bhaisdeadh?

37. Agus a dubhairt Philib, Má chreideann tú go hiomlán ó chroidhe, is éidir leachd. Ar bhfreagra dhósan ann sin a dubhairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé.

38. Daithin sé an carbad ann sin do chongmháil na chomhnuighe: agús do chúadar aráon síos sa nuisge, Philib agus an cailltéanach a naóineachd; agus do bhaisd sé é.

39. Agus ar dteachd a nsíos as a nuisge dhóibh, dfúadaigh Spiorad an Tighearna Philib leis, agus ó sin amach ní fhacaidh an cailltéanach é: agus dimthigh sé roimhe a ngáirdeachus.

40. Achd fríth Philib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír dhó do rinne sé an soisgéul do sheanmórughadh do na huile chaithreachaibh, go teachd dhó go Seasáréa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 8