Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 8:28-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus dfill sé tar a ais, agus ag súidhe dhó ann a charbad, do léigh sé Esaías fáidh.

29. Agus a dubhairt an Spiorad ré Philib, Druid a bhfogus, agus cuir thú féin a naice an charbaid úd.

30. Agus do rith Philib, agus do chúalaidh sé é ag léughadh a nfíadh Esaías, agus a dubhairt sé, An dtuigeann tú na neithe léigheas tú?

31. Agus a dubhairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raibh éolaighe éigin agam? Agus diarr sé ar Philib teachd a nsios, agus suidhe na fhochair.

32. Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léigh sé, Mar cháoiridh do rugadh chum báis é; agus amhail uáin na thochd a bhfíadhnuise a nfir lomartha, is mar sin nár osgail sé a bhéul:

33. Ann a úmhlachd do hárduigheadh a bhréitheamhnus: Agus cía fhoillséochas a gheinealach? óir tógthar a bheatha don talamh.

34. Agus ag freagra air Philib, a dubhairt an cailltéanach, Iarruim dathchuinge ort, Cía ré a nabair an fáidh so? an leis féin, nó lé neach eigin eile?

35. Ann sin ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ag tosúghadh ón sgriobtúrsa, do sheanmóir se Iósa dhó.

36. Agus ar mbeith dhóibh ag imtheachd sa tslighe, tangadar chum uisge áirighe: agus a dubhairt an cailltéanach, Féuch, an tuisge; créud thoirmisgeas mise bhaisdeadh?

37. Agus a dubhairt Philib, Má chreideann tú go hiomlán ó chroidhe, is éidir leachd. Ar bhfreagra dhósan ann sin a dubhairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé.

38. Daithin sé an carbad ann sin do chongmháil na chomhnuighe: agús do chúadar aráon síos sa nuisge, Philib agus an cailltéanach a naóineachd; agus do bhaisd sé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 8