25. Uime sin, ar ndéunamh fíadhnuise dhóibhsion, agus ar labhairt bhréithre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do sheanmóraigheadar an soisgéul a mórán do bhailtibh na Samáritaneach.
26. Agus do labhair aingeal an Tighearna ré Philib, ag rádh, Eírghe, agus imthigh don taoibh ó dheas, an tslighe síos ó Ierusalém go Gása, noch atá na fhásach.
27. Agua ar néirghe dhósan dimthigh sé roimhe: Agus, féuch, cailltéanach áirighthe ó Etíopia, duine cúmhachdach ré Candáce bainríoghan na Heitíopia, noch do bhí ós cionn a hionnmhusa uile, táinic sé go Hiarusalém dadhradh Dé,
28. Agus dfill sé tar a ais, agus ag súidhe dhó ann a charbad, do léigh sé Esaías fáidh.
29. Agus a dubhairt an Spiorad ré Philib, Druid a bhfogus, agus cuir thú féin a naice an charbaid úd.
30. Agus do rith Philib, agus do chúalaidh sé é ag léughadh a nfíadh Esaías, agus a dubhairt sé, An dtuigeann tú na neithe léigheas tú?
31. Agus a dubhairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raibh éolaighe éigin agam? Agus diarr sé ar Philib teachd a nsios, agus suidhe na fhochair.