19. Ag rádh, Tabhraidh dhamhsa mar an gcéudna na cumhachdasa, go bhfuighe gach neach ar a gcuirfe mé lámha, an Spiorad Náomh.
20. Achd a dubhairt Peadat ris, Go dtéighe do chuid áirgid a múgha maille riot féin, do bhrigh go measann tú go bhfaghthar tíodhlaícadh Dé ar airgead.
21. Ní bhfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálachdsa: oír ní bhfuil do chroidhe díreach a bhfíadhnuise Dé.
22. Uime sin déuna aithrighe ar son a nuilcse, agus íarr ar Dhía, más éidir smuáineadh do chroidhe do mhaitheamh dhuit.
23. Oír do chím go bhfuil tú a ndomlus an tsearbhuis, agus a ndaigean na héugcóra.
24. Agus ar bhfreagra do Shíomón, a dubhairt sé, Guidhighse an Tighearna ar mo shon, gan ní ar bith do na neitibhse a dubhrabhair do theagmhail damh.