Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 8:14-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus ar gclos do na habsdalaibh do bhí a Níarusalém gur ghabh Samaria re bríathar Dé, do chuireadar chuca Peadar agus Eóin:

15. Agus ar ndul síos dóibh, do ghuidheadar ar a son, do chum go ngéubhaidis chuca an Spiorad Náomh:

16. (Oír níor thuirrling sé fós ar éinneach aca: achd amháin do baisdeadh íad a nainm an Tighearna Iósa.)

17. Ann sin do chuireadar lámha orrtha, agus do ghabhadar an Spiorad Naomh chuca.

18. Agus ar na fhaicsin do Shíomón go raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt tré lámhuibh na nabsdal do chur ortha, do thairg sé airgead dóibh.

19. Ag rádh, Tabhraidh dhamhsa mar an gcéudna na cumhachdasa, go bhfuighe gach neach ar a gcuirfe mé lámha, an Spiorad Náomh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 8