13. Agus do chreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na bhaisdeadh, do chómhnuigh sé a bhfochair Philib, Agus ar bhfaicsin dó na gcomharthadh agus na miorbhuileadh móra dhá ndéunamh, do ghabh úathbhás é.
14. Agus ar gclos do na habsdalaibh do bhí a Níarusalém gur ghabh Samaria re bríathar Dé, do chuireadar chuca Peadar agus Eóin:
15. Agus ar ndul síos dóibh, do ghuidheadar ar a son, do chum go ngéubhaidis chuca an Spiorad Náomh:
16. (Oír níor thuirrling sé fós ar éinneach aca: achd amháin do baisdeadh íad a nainm an Tighearna Iósa.)