Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 8:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus dáontaigh Saul chum a bhásaighe. Agus déirigh sa ló sin gérleanmhuin mhór a naghaidh na heagluise a Níarusalém; agus do bhádar uile ar na sgaradh feadh réigion thíre Iúdaighe agus na Samária, achd amháin na habsdail.

2. Agus do thógbhadar dáoine cráibhtheach Steaphán ríu, agus do cháoineadar go mór é.

3. Achd do bhí Saul, ag sgrios na heagluise, ag dul a steach ann gach éintigh, agus ag tarraing amach fear agus ban, do chuireadh sé a bpriosún íad.

4. Uime sin an dream do bhí ar na sgaradh dimigheadar timcheall ag seanmórugh na bréithre.

5. Agus ar dteachd do Philib go cathair na Samária, do sheanmóir sé Críosd dhóibh.

6. Agus tugadar an póbal déantoil aire do na neithibh do labhair Philib, ag éisdeachd agus ag féuchain na gcómharthadh do rinne sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 8