Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:54-60 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

54. Agus ar na gclós só dhóibhsion, do goinadh ann a gcróidhthibh íad, agus do bhádar ag cognamh a bhfiacal na aghaidh.

55. Achd ar mbéith do Steaphán lán don Spíorad Náomh, agus ar bhféachain dó go gér ar neamh, do chunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na sheasamh ar láimh dheis Dé,

56. Agus a dubhairt sé, Féuch, do chím neamh osguilte, agus Mac an duine na sheasamh ar láimh dheis Dé.

57. Do gháireadarsan annsin do ghúth mhór, agus do stopádar a gclúasa, agus do shaitheadar déuntoil airsion,

58. Agus ar na theilgean amach as an gcathraigh dhóibh, do ghabhadar do chlochaibh air: agus do chuireadar na fiadhnuisighe a néuduighe síos ag cosaibh ógánaidh áirighe, dar bhainm Saul.

59. Agus do ghabhadar do chlochuibh air Steaphán, as é ag guidhe, agus ag rádh, A Thighearna Iósa, gábh mo spiorad chugad.

60. Agus ar na léigean féin ar a ghlúinibh dhó, do éigh sé do ghúth mhór, A Thighearna, na cuir an peacadhsa na leith. Agus ar na rádh so dhó do chodail sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7