Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:5-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ní thug sé oíghreachd dhó ann, go fíu leithead troighthe: bíodh gur gheall sé a thabhairt mar sheilbh dhó féin, agus dá shíol na dhíaigh, gé bách raibh clann fós aige.

6. Achd do labhair Día mar so, Bíaidh do shíolsa na náitreabhaidh a dtír choimhighthe; mar a ccoineóchar íad fá dháoirse, agus fá leathtrom ceithre chéud blíadhan.

7. Achd do dhéuna misi breitheamhnus ar an gcineadh aga mbíaidh síad fá dháoirse, do ráidh Día: agus ná dhíaigh sin rachaid síad amach, agus do dhéunuid seirbhís dhamhsa sa nionadsa.

8. Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug.

9. Agus ar ngabháil thnúidh, do na patriarcuibh, do reacadar Ióseph don Eigipt: agus do bhí Día maille ris,

10. Agus do réidhigh sé é ó nuile thrioblóid, agus tug sé grása agus eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao rí na Héigipte; noch do rinne úachdarán de ar a Néigipt agus ar a thigh féin uile.

11. Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Chánaan uile, agus amhgur mhór: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha.

12. Agus ar na chlós do Iácob go raibh arbhar sa Néigipt, do chuir sé ar naithreacha ar tús innte.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7