48. Achd fós ní a dteampluibh laimhdhéanta atá an tí as Airde na chomhnuide; do réir mar a deir an fáidh,
49. Sé neamh mo chathaóir, agus an talamh sdól mo chos: créd é an tigh thóigéubhus sibh dhamh? a deir an Tighearna: nó créud é mionad cómhnuighe?
50. A né nach í mó lámh do rinne na neithesi uile?
51. A dháoine cruáidhmhuineulacha agus neamhthimcheallghearrtha a gcróidhe agus a gclúasáibh, atátháoi ag seasamh ríamh a naghaidh an Spiorad Náoimh: amhuil do rinneadar bhur naithreacha, as mar sin do nithíse.
52. Cía do na fáidhibh nar dhíbhreadar bhur náithreacha? agus do mharbhadar an dream do réumhfhoillsigh teachd an Táon Firéin úd; agá rabhabhairse a nois bhur luchd bratha agus dúnmharbhtha:
53. As do ghlacabhair an reachd tré mhiniosdrálachd na naingeal, agus níor choimhéudabhair é.