Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:41-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Agus da rinneadar láogh ann sna laéthibhsin, agus do fhoráileadar íodhbairt don íodhail, agus do rinneadar gáirdeachus as oibrighthibh a lámh féin.

42. Agus dfill Día, agus tug sé íad do dhéanamh seirbhíse do shlúagh neimhe, do reir mar atá sgríobhtha a leabhar na bhfáigheadh, A thigh Israél, nar fhoraileabhair dhamhsa beathaidh mharbha agus iodhbartha ar féadh dhá fhichead blíadhan ar an bhfásach?

43. Achd, do ghlacabhair tábernacel Mhóloch, agus réult bhur Ndía féin Remphan, fíoghracha noch do rinneabhair chum a nadhra: ar a nadhbharsin áthrócha mé sibh don táobh a nunn don Bhábilóin.

44. Do bhí tábernacel na fíadhnuise ag ar naithribhne ar an bhfásach, do réir mar daithin, an té labhair ré Máoisi, a dhéunamh do réir na heisiomplara do chunnairc sé.

45. Noch do ghlacadar ar naithrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilbh na Gcíneadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach, go laéthibh Dháibhi:

46. Noch fuair grása a bhfíadhnuise Dé, agus do shir tabernacel dfagháil do Dhía Iácob.

47. Gidheadh a sé Solamh do thóg tigh dhó.

48. Achd fós ní a dteampluibh laimhdhéanta atá an tí as Airde na chomhnuide; do réir mar a deir an fáidh,

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7