37. A sé so an Máoise úd, noch a dubhairt ré cloinn Israél, Tóigéubhaidh Día bhur Dtighearna fáidh súas dáoibh da bhur ndearbhraithribh, mar misi; éisdfish sibh ris.
38. Sé so an té do bhí sa gcóimhthionól ar an bhfásach a bhfochair a naingil do labhair ris ar shlíabh Sína, agus ré ar naithribhne: noch do ghlac mar an gcéudna briathra na beatha chum a dtabhartha dhúinne:
39. Dá nár bháill ré ar naithríbhne úmhlachd do thabhairt, achd do dhíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróidhthibh tar a nais don Eigipt,
40. Ag rádh ré Háaron, Déuna dhúinn dée do racha romhuinn: oír ní bhfuil a fhios aguinn, créud do éirigh don Mháoisese, noch do threóraidh sinn as talamh na Héigipte.