Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:31-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus ar ná fhaicsin do Mháoise, do ghabh iongnadh fan táibhse é: agus ar dteachd dó dhá bhréathnughadh, táinic gúth an Tighearna chúige,

32. As misi Día haithreach, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeith do Mháoise ar crith, níor lamh sé aire do thabhairt dó.

33. Achd a dubhairt an Tighearna ris. Sgáoil do bhróga dod chósaibh: oír is talamh náomhtha an tionad ann a bhfuill tú ad sheasamh.

34. Tug mé dom aire, go friochnamhach, ámhgar mó phóbail nóch atá sa Néigipt, agus do chúalaidh mé a nósnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thú.

35. An Máoise só do dhíultadar, ag rádh, Cía rinne úachdarán agus bréitheamh dhíotsa? do chuir Día é mar úachdarán agus mar fhear sáortha a láimh a naingil, do taibhreadh dhó sa dos.

36. Tug sé so amach íad, ar ndéunamh miorbhuileadh agus comharthadh a dtalamh na Héigipte, agus ann sa muir Rúaidh, agus ann sa bhfásach dhá fhichead blíadhain.

37. A sé so an Máoise úd, noch a dubhairt ré cloinn Israél, Tóigéubhaidh Día bhur Dtighearna fáidh súas dáoibh da bhur ndearbhraithribh, mar misi; éisdfish sibh ris.

38. Sé so an té do bhí sa gcóimhthionól ar an bhfásach a bhfochair a naingil do labhair ris ar shlíabh Sína, agus ré ar naithribhne: noch do ghlac mar an gcéudna briathra na beatha chum a dtabhartha dhúinne:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7