Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:21-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin.

22. Agus do bhí Máoise foghlomtha a nuile éagna na Négipteach, agus do bhí sé cúmhachdach a mbríathruibh agus a ngníomharthuibh.

23. Agus ar gcoimhlíonadh aimsire a dhá fhichead blíadhan dó, táinic ann a chróidhe dul dféuchain a dhearbhráithreach féin chloinne Israél.

24. Agus ar bhfaicsin duine áirighe ag fulang éugcóra, do chosain sé é, agus ar mbúaladh a Néigiptaigh dhó, do rinne sé dioghaltas air son an tí ar a ndearnadh a néugcóir:

25. Oír do mhéas sé go dtuigfidís a dhearbhráithreacha go dtiubhradh Día fúasgladh tré na láimhsion dóibh: gidheadh níor thuid siadsan sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7