2. Agus a dubhairt seision,A bhraithreacha, agus a aithreacha, éisdigh; Dfoillsigh Día na glóire é féin dar nathair Abraham, an tan do bhí sé sa Mésopotámia, suil do chómhnuidh sé a Gcárran,
3. Agus a dubhairt sé ris, Fág do thír féin, agus do chineadh, agus tárr don tír fhoillseachus misi dhuit.
4. Dimthigh sé ann sin as talamh na Gcaldéanach, agus do chomhnuigh sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis bháis a athar, dárrthuigh sé é don talamhsa, ann a bhfuiltíse a nois bhur gcómhnuidhe.
5. Agus ní thug sé oíghreachd dhó ann, go fíu leithead troighthe: bíodh gur gheall sé a thabhairt mar sheilbh dhó féin, agus dá shíol na dhíaigh, gé bách raibh clann fós aige.
6. Achd do labhair Día mar so, Bíaidh do shíolsa na náitreabhaidh a dtír choimhighthe; mar a ccoineóchar íad fá dháoirse, agus fá leathtrom ceithre chéud blíadhan.
7. Achd do dhéuna misi breitheamhnus ar an gcineadh aga mbíaidh síad fá dháoirse, do ráidh Día: agus ná dhíaigh sin rachaid síad amach, agus do dhéunuid seirbhís dhamhsa sa nionadsa.
8. Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug.
9. Agus ar ngabháil thnúidh, do na patriarcuibh, do reacadar Ióseph don Eigipt: agus do bhí Día maille ris,
10. Agus do réidhigh sé é ó nuile thrioblóid, agus tug sé grása agus eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao rí na Héigipte; noch do rinne úachdarán de ar a Néigipt agus ar a thigh féin uile.
11. Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Chánaan uile, agus amhgur mhór: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha.