Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:11-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Chánaan uile, agus amhgur mhór: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha.

12. Agus ar na chlós do Iácob go raibh arbhar sa Néigipt, do chuir sé ar naithreacha ar tús innte.

13. Agus an dara húair daithneadar a dhearbhraithreacha Ióseph; agus do foillsigheadh do Phárao cineadh Ióseph.

14. Agus do chuir Ióseph, fios air Iácob a athair, agus ar a luchd gáoil uile, cúiganmanna déug agus trí fichid.

15. Agus do chuáidh Iácob síos don Eigipt, agus fuair sé féin, agus ar naithreacha bás,

16. Agus do hathruigheadh íad go Síchem, agus do chuireadh íad ann sa túama do cheannaidh Abraham ar a lúach airgid ó chloinn Emmor Athair Sícheim.

17. Agus ar ndrud aimsire na geallamhna tug Día Dhábraham maille ré mionnaibh, dfás an póbal go híomaduil sa Néigipt,

18. Nó gur éirighe rí eile súas, ag nach raibh aithne air Ióseph.

19. Do mheall an fearso ar ccineadhne, agus tug sé drochdhíol air ar naithreachuibh, a ccrúth go dtug sé orrtha a gclann óg do theilgean amach, ionnus nách bhfasaidís.

20. Fá a namsin rugadh Máoise, agus do bhí sé taitneamhach ag Día, agus do hoileadh é feadh thrí míos a dtigh a athar:

21. Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7