Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 6:7-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus dfás bríathar Dé; agus do mhéudaigh úibhir na ndeisciobal go romhór a Niarusalém; agus dúmhluidh cuid mhór do na ságartaibh don chreideamh.

8. Achd Steaphán, lan do chreideamh agus do chúmhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus cómharthadha móra a measg an phobail.

9. Agus déirgheadar súas dream áirighe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertinigh, agus na Cirenianach, agus luchd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbórachd lé Steaphán.

10. Achd níor bhféidir leó cur a naghaidh na heagna agus na spioraide tré ar labhair sé.

11. An sin tugadar a steach dream airighe, noch a dubhairt, do chúalamar féin é ag labhairt bhríathra masluigheacha a naghaidh Mháoise, agus Dé.

12. Agus do bhogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuidhe, agus ag cur chuige, rugadar air, agus tugadar leó chum na comhairle é,

13. Agus do chuireadar amach fiadhnuiseadha bréugacha, noch a dubhairt, Ní sguireann an fearso dá bheith ag labhairt bhríathra masluigheacha a naghaidh na háite náomhthasa, agus an reachda:

14. Oír do chúalamar é ag rádh, Go sgriosfaidh Iósa Násarrdhaso a naitse, agus go niompochaidh sé na hórduighthe tug Máoise dhúinne.

15. Agus gach a raíbh na suídhe sa ccómhairle, ag féuchuinn go friochnamhach airsion, do chunncadar a aghaidh mar aghaidh aingil.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 6