1. Agus an sna laéthibhsin, ag méudughadh úibhir na deisciobluibh, déirigh monmhur na Ngréugach a naghaidh na Neabhruigheach, do bhrígh go ttugtháoi neímhchion air a mbaintrabhachuibh sa miniosdrálachd laétheamhuil.
2. Uime sin ar ngairm iomuid do na deisciobluibh a gceann a chéile don dá fhear dhéug, a dubhradar, Ní hiomchubhuighe dhúinne briathar Dé gfágbháil do chum na mbórd do fhriothólamh.
3. Ar a nadhbharsín, a dheartbhraithreacha, féuchaidh amach bhur measg féin mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don Spioruid Náomh agus deagna, noch do chuirfeam a dtimcheal na hóibreise.
4. Agus bíadhmaidne go cómhnuightheach a nurnuighe, agus a miniosdrálachd na bréithre.
5. Agus dáontuigheadar an comhlúadar uile don rádh so: agus do thóghadar Steaphán, fear lán do chreideamh agus don Spíoruid Naomh, agus Philip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neach ó Aintióchia do cheanguil é féin don neagluis:
6. Do chuireadar íad so a bhfíadhnuise na nabsdal: agus ar ndéunamh urnuighe dhóibhsean, do chuireadar a lámha orrtha.
7. Agus dfás bríathar Dé; agus do mhéudaigh úibhir na ndeisciobal go romhór a Niarusalém; agus dúmhluidh cuid mhór do na ságartaibh don chreideamh.
8. Achd Steaphán, lan do chreideamh agus do chúmhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus cómharthadha móra a measg an phobail.