Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 5:28-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Ag rádh, A né nar áithneamairne go ródhithcheallach dhíbh gan teagusg do dhéunamh sa nainmse? Agus, féuch, do líonabjair Ierusalem le bhur dteasusg, agus as mían libh fuil an duinese do thairruing oruinne.

29. Agus ar bhfreagra do Pheadar agus do na habsdaluibh a dubhradar, Is mó is éigin úmhlughadh do Dhía, ná do dháoinibh.

30. Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.

31. Do thóg Día re na láimh dheis féin é só súas na Phríonnsa agus na Shlánaightheoir, do thabhairt aithrighe, agus maithmheachais na bpeacadh Disraél.

32. Agus atámáoidne ar bhríadhnuisibh dhó ar na neíthibhse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náomh, nóch thug Día dón druing úmhlaigheas dó.

33. Agus ar gclós na neítheadhsa dhóibhseab, do bhádar air a ngearradh, agus do rinneadar cómhairle íadsan do mharbhadh.

34. Achd ar néirghe súas Dfairisíneach áirighe, sa gcómhairle, dár bhainm Gamáliel, doctúr dlíghe, do bhí fá chion ag an bpobal uile, daithin sé na habsdail chur amach ar feadh tamuill;

35. Agus a dubhairt sé ríu, A fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.

36. Oír roimhe a naimsirse déirghe Teúdas súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin; lércheangail úibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéud: noch do marbhadh: agus an mhéid dáontuigh dhó, do spréaghadh, agus do chuireadh a neimbrígh íad.

37. Tar éis an fhirse déirghe Iúdás an Galileánach súas a laéthibh an dáoirchíosa, agus do tharruing sé mórán dón phóbal chuige féin: agus do sgriosgadh an fearsa fós; agus do spréaghadh uile, an mhéid tug a náonta dhó.

38. Agus a deirim ribh a nois, Seachnuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chómhairle nó a nóbairse, cuirfighthear a neimbrígh é.

39. Achd mas ó Dhía thig sé, ní héidir libh a chur a neimbrígh; air eagla go bhfuighthí ag troid a naghaidh Dé sibh.

40. Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.

41. Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na cómhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 5