Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 5:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do reac fear áirighe dar bhainm Ananías, maille ré na mhnáoi Saphira, fearann do bhí ann a sheilbh,

2. Agus do chonnaimh aige go folaightheach cuid dá lúach, go bhfios da mhnáoi, agus ar dtabhairt choda éigin ris, do chuir sé ag cosadh na nabsdal é,

3. Ann sin a dubhairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do chróidhe do dhéunamh bréige leis an Spiorad Náomh, agus do chungbháil coda éigin do lúach an fhearuinn go foluidhtheach?

4. A né nár leachd féin é dá gcongabhtha é, agus an é nach raibh sé ad chúmhachdaibh féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad chróidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré Día.

5. Agus ar gcloinsin na mbríatharsa Dananías, do thuit sé síos, agus do chúaidh a anam as: agus do bhí eagla mhór ar gach duine dhá ccúaluidh na neithe so.

6. Agus ar éirghe do na hóganaibh, rugadar air, agus ar ná iomchor dhóibh dadhlacadar é.

7. Agus tárla a dtimcheall thrí núair na dhiáigh sin, go dtáinig a bhean a steach, gan fios an neithe do rinneadh aice.

8. Agus a dubhairt Peadar ría, Innis damh an ar a noiread so do reacabhair an fearánn? agus a dubhairt sise, Seadh, air a noiread sin.

9. Ann sin a dubhairt Peadar ría, Créud fár chomháontuigh sibh cathughadh do chur ar Spioruid an Tighearna? féuch, atáid cosa na muinntire dadhluic thfear ag an doras, agus béuruid síad thúsa ríu.

10. Agus ar a núairsin féin do thuit sise agá chosaibh, agus do chúaigh a spiorad aisde: agus ar dteachd a steach do na hogánuibh, fúaradar marbh í, agus ar na breith leó, dadhluiceadar í a naice a fir.

11. Agus do bhí eagla mhór air a neagluis uile, agus ar na huile dháoinibh do chúaladh na neithe so.

12. Agus do nithí mórán do chomharthadhaibh agus do mhíorbhailibh, tré lámhuibh na nabsdal a measg an phobail; agus do bhídis uile déantoil a bpóirse Sholaimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 5