Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 4:5-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,

6. Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaphas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gach a raibh do chineul na nárdsagart, a bhfochair a chéile a Níarusalém.

7. Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?

8. Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,

9. O atámáoidne a niugh air ar dtabhairt chum ceasda a dtimcheall na máitheasa do rinneadh don duine éagcrúaidh, cionnas do slánnuigheadh é;

10. Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.

11. A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.

12. Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.

13. Agus an tan thugadar dhá paire dánachd Pheadair, agus Eóin, agus gur thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhogluim gan éolus, do ghabh iongantus íad; agus daithneadar, go rabhadar a bhfochair Iósa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4