Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 4:31-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus ar ndéunamh úrnuighe dhóibh, do chríothnuighe a náit a rabhadar a bhfochair a chéile; agus do líonadh íad uile don Spiorad Náomh, agus do lábhradar bríathar Dé maille ré dánachd.

32. Agus do bhí áon chróidhe agus áon anam amháin ag an druing do chreid: agus ní dúbhairt éainneach aca go madh leis féin áon ní dhá raibh na sheilbh; achd do bhádar na huile neithe comhchoitcheann aca.

33. Agus tugadar na habsduil maille ré cúmhachdaibh móra fíadhnuise eiséirghe an Tighearna Iósa úatha: agus do bhádar grásá móra orrtha uile.

34. Oír ní raibh éainneach eatorra ar a raibh riachdanus: oír an mhéid do bhí na sealbhaigheóiribh fearuinn nó tighthe, ar na réic, do bheirdís lúach na neithe do bhí ar na reac leó,

35. Agus do chuirdís ag cósaibh na nabsdal é: agus do roinntí é ar gach áon do réir a ríachdanuis.

36. Agus ag Ióses, dar ghoireadar na habsdail Barnabas, (sé sin, ar na eidirmhíniughadh, Mac na comhfhurthachda,) ar mbeith dhó na Lebhíte, agus do fhreimh na Sioprus,

37. Ar mbeith go raibh fearann aige, do reac se é, agus tug sé ris an tairgead, agus do chuir sé ag cosaibh na nabsdal é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4