2. Ag doilgheas go rabhadarsan ag teagasg an phobail, agus ag seanmórughadh a Níosa eiséirghe ó mharbhuibh.
3. Agus do chuireadar lámha ionnta, agus do chuireadar a bpríosún íad go dtáinic ar na mhárach: oír do bhí sé fá a namsin déigheanach.
4. Gidheadh mórán da ccúaluidh an bhríathar do chreideadar; agus do bhí úibhir na ndáoine a dtimcheall chúig míle.
5. Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,
6. Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaphas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gach a raibh do chineul na nárdsagart, a bhfochair a chéile a Níarusalém.
7. Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?
8. Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,
9. O atámáoidne a niugh air ar dtabhairt chum ceasda a dtimcheall na máitheasa do rinneadh don duine éagcrúaidh, cionnas do slánnuigheadh é;
10. Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
11. A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.